Nuacht
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi dhaoine óga, an teicneolaíocht agus sábháilteacht ar líne. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí teicneolaíochta. Ag deireadh an cheachta, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an aidiacht agus an réimír ‘ró’ chomh maith le cleachtadh ar an mbriathar saor. Tá cleachtadh cainte sa cheacht a bhaineann le daoine óga agus úsáid na teicneolaíochta ina saol.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi easpa foirne in ionad cúraim i nDún na nGall. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí oibre agus sláinte. Ag deireadh an cheachta, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an réamhfhocal agus an t-alt, agus cleachtaí cainte a bhaineann le logainmneacha agus leis an tseirbhís sláinte.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin Ollamh Micheál Ó Súileabháin ag éirí as a phost mar stiúrthóir ar Dhámh Chruinne Éireann i gCeol agus i Rince in Ollscoil Luimnigh in 2016. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí cultúir agus ceoil. Ag deireadh an cheachta, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an ainmfhocal, leis an tuiseal ginideach agus cleachtadh cainte a bhaineann le cúrsaí ceoil.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin Ollamh Micheál Ó Súileabháin ag éirí as a phost mar stiúrthóir ar Dhámh Chruinne Éireann i gCeol agus i Rince in Ollscoil Luimnigh in 2016. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí cultúir agus ceoil. Ag deireadh an cheachta, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an tuiseal ginideach agus cleachtadh cainte a bhaineann le cúrsaí ceoil.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin easpa tuisceana atá ag an bpobal ar an ngalar croí. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí sláinte. Ag deireadh an cheachta, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an modh coinníollach agus comhfhocail na Gaeilge chomh maith le ceisteanna plé agus díospóireachta a bhaineann leis an tsláinte.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi chomórtas dornálaíochta i bPáirc an Chrócaigh idir laoch na hÉireann, Katie Taylor agus Amanda Serrano. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí spóirt. Ag deireadh an cheachta, beidh cleachtaí cainte agus scríbhneoireachta a bhaineann le claoninsint na copaile (is/gur), comhfhocail agus aistriúchán gearr le déanamh ar phóstáil Twitter.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi chomórtas dornálaíochta i bPáirc an Chrócaigh idir laoch na hÉireann, Katie Taylor agus Amanda Serrano. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí spóirt agus ainmneacha chontaetha na hÉireann. Ag deireadh an cheachta, beidh cleachtaí cainte agus scríbhneoireachta a bhaineann le mothúcháin.