Baile > Fúinn

Fúinn

Acmhainní agus Ábhar Gaeilge

Is aonad é Lárionad na Gaeilge: Taighde Teagasc & Tástáil, a bhfuil speisialtóireacht aige i múineadh agus i measúnú na Gaeilge.

Tá dhá phríomhaidhm ag Lárionad na Gaeilge:
  1. freastal ar riachtanais lucht teagaisc agus foghlama na Gaeilge, bearnaí sa soláthar reatha a aithint agus a líonadh;
  2. an taighde, an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus an nuálaíocht i múineadh agus i measúnú na Gaeilge a chur chun cinn.

Tá an dá aidhm sin le feiceáil go soiléir i bpríomhthionscadal Lárionad na Gaeilge, Teastas Eorpach na Gaeilge TEG, agus sna hacmhainní teagaisc agus foghlama atá curtha ar fáil againn le 25 bliain anuas, le tacaíocht ó COGG agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tá snas.ie forbartha ag Lárionad na Gaeilge mar lárphointe acmhainní do lucht teagaisc agus foghlama na Gaeilge. Sna rannóga éagsúla ar an suíomh, gheofar SnasTV, acmhainní nuálacha teagaisc agus foghlama bunaithe ar ábhar dílis ó chláir TG4, chomh maith le hacmhainní a thacóidh leis an bhforbairt ghairmiúil dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta nó ar líne. Cuirfear an tríú rannóg leis an suíomh go luath, áit a mbeidh acmhainní ar fáil bunaithe ar shiollabais TEG ag gach leibhéal ó A1 go C1.

Tá súil againn go mbainfear taitneamh agus tairbhe as an ábhar atá ar fáil anseo, agus go gcabhróidh sé libh snas a chur ar bhur gcuid Gaeilge. Má tá aiseolas agaibh faoi snas.ie, bígí i dteagmháil linn ag snas@mu.ie

Seoladh Snas.ie ag Oireachtas na Samhna:
To top
Skip to content