Noel Ó Dúgáin, Clannad
Pointí teanga: Aimsir Chaite, Briathar Saor
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi bhás laoch mór ceoil, Noel Ó Dúgáin, a bhí sa bhanna clúiteach Clannad. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí ceoil. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí gramadaí a bhaineann leis an mbriathar saor san aimsir chaite. Baineann na gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta le conas do chomhbhrón le duine a chur in iúl.