Acmhainní
Foghlaim conas dul i mbun sáraíochta le duine eile.
Foghlaim conas duine a mholadh i gcomhthéacs éagsúla.
Foghlaim conas aontú agus easaontú le daoine eile.
Foghlaim conas greann agus searbhas a chur le do chuid cainte.
Foghlaim conas deireadh a chur le comhrá ar bhealach béasach.
Foghlaim conas comhrá a dhéanamh agus conas ceisteanna a chur.
Lón machnaimh anseo faoi phróifílí foghlaimeoirí
Comhairle faoi atmaisféar ranga suaimhneach a chruthú
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi faoin vacsaíniú agus scéalta eile a bhain le Covid san Aontas Eorpach i mí an Aibreáin 2021. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann leis an inimirce. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis na forainmneacha réamhfhoclacha, agus leis an gcopail sa chlaoninsint (gur/gurb). Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta leis an gcur chuige a bhí ag tíortha éagsúla san AE maidir le Covid-19.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi easpa otharcharranna i gConamara. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí sláinte agus seirbhísí éigeandála. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann le ceartscríobh logainmneacha, agus leis an modh ordaitheach. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta le cúrsaí sláinte agus pobail, agus le seirbhísí sláinte éigeandála.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi easpa otharcharranna i gConamara. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí sláinte agus seirbhísí éigeandála. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an aimsir fháistineach, agus le frásaí ama. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta le cúrsaí sláinte agus pobail, agus le seirbhísí sláinte éigeandála.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin ngalar Covid-19 in Éirinn i mí an Mhárta 2021, faoi líon na ndaoine sna hospidéil ag an am dá bharr, agus bréageolas a bhí á scaipeadh faoin vacsaín. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí sláinte agus Covid-19. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an tuiseal gairmeach, agus le ceartúsáid an fhocail Má. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta le Covid-19 agus an bréageolas a scaipeann ar líne.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin ngalar Covid-19 in Éirinn i mí an Mhárta 2021, faoi líon na ndaoine sna hospidéil ag an am dá bharr, agus bréageolas a bhí á scaipeadh faoin vacsaín. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí sláinte agus Covid-19. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann le téarmaíocht na gramadaí, agus le huimhreacha sa Ghaeilge. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta le Covid-19 agus an bréageolas a scaipeann ar líne.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi bhád nua Fhoras na Mara, an RV Tom Crean. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí mara agus bádóireachta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann le ceartscríobh mhíonna na bliana agus dátaí. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta le Tom Crean agus tréithe pearsanta an duine.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin seanbhád farantóireachta an Naomh Éanna, agus an feachtas a bhí ann í a thabhairt slán óna titim. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí bádóireachta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríofa a bhaineann leis an tuiseal ginideach uatha, agus leis na lagiolraí agus tréaniolraí. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta déanfar plé ar na hoileáin atá amach ó chósta na hÉireann agus na báid a dhéanann freastal orthu.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin seanbhád farantóireachta an Naomh Éanna, agus an feachtas a bhí ann í a thabhairt slán óna titim. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí bádóireachta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríofa a bhaineann leis an séimhiú, agus le ceartlitriú na Gaeilge. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta déanfar plé ar na hoileáin atá amach ó chósta na hÉireann agus na báid a dhéanann freastal orthu.