Ceacht 06: Daoine ag Argóint lena Chéile
Pointí teanga: Maith
Tá Tadhg agus a chol ceathrar, Sonny, ag argóint faoi thalamh a muintire. Sa cheacht seo, feicfidh muid an bheirt fhear ag sárú ar a chéile agus feicfidh muid na bealaí éagsúla a n-úsáideann Sonny an focal ‘maith’ chun an ceann is fearr a fháil ar Thadhg bocht.
Críochnaithe leis na bileoga oibre? Éist leis an mír agus líon na bearnaí thíos: