SnasTV Ros na Rún Ceacht 15

Ceacht 15: Treisiú agus Béim

Bíonn tábhacht ar leith ag baint le cúrsaí béime sa chumarsáid. Cuirtear béim ar fhocail áirithe sa chaint le cabhrú leis an éisteoir an teachtaireacht a thuiscint i gceart. Is iomaí bealach atá sa Ghaeilge le béim a chur ar fhocail áirithe. Sa cheacht seo díreoidh muid ar roinnt acu, ina measc, foirmeacha treise, iarmhíreanna […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 14

Ceacht 14: Sruth na Cainte

Sa cheacht seo, caithfidh muid spotsolas ar cheann de na tréithe is suntasaí den teanga labhartha – is é sin an bealach a bhfágann cainteoirí líofa fuaimeanna nó focail áirithe ar lár nuair a bhíonn siad ag labhairt go gasta. Sa cheacht seo, tarraingeoidh muid aird ar roinnt comhthéacsanna ina dtarlaíonn sé seo sa Ghaeilge […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 13

Ceacht 13: Ag Freagairt do Chaint Daoine Eile

Sa cheacht seo, caithfidh muid spotsolas ar ghné an-tábhachtach den idirghníomhaíocht labhartha; is é sin, aisfhreagraí nó backchannels. Seo na focail, frásaí agus fuaimeanna beaga a úsáideann muid i gcomhráite le freagairt do chaint an duine eile. Is cuid an-tábhachtach den chumarsáid iad. Críochnaithe leis na bileoga oibre? Éist leis an mír agus líon na […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 12

Ceacht 12: Spotsolas ar Chanúint Uladh

Is minic a bhíonn foghlaimeoirí Gaeilge ag rá go bhfuil sé deacair Gaeilge Uladh a thuiscint agus sa cheacht seo tá muid chun an scéal sin a leigheas! Breathnóidh muid ar mhír ghairid ina bhfuil John Joe agus Noreen ag labhairt faoi Mack. Tarraingeoidh muid aird ar na focail agus ar na frásaí ar fad […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 11

Ceacht 11: Ag Teacht ar Chomhréiteach

Bhí Tony agus Berni ag ligean orthu féin go raibh siad ag siúl amach le chéile agus anois tá siad ag pleanáil conas deireadh a chur leis an gcaidreamh. Sa cheacht seo, feicfidh muid na straitéisí éagsúla a úsáideann siad le teacht ar chomhréiteach. Foghlaimeoidh muid freisin conas struchtúr na copaile a úsáid le treisiú […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 10

Ceacht 10: Ag Iarraidh Míthuiscintí a Réiteach

Bhí Micheál agus Laoise ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad date a bhí acu ach tagann sé chun solais nach bhfuil siad ar aon intinn faoin áit a raibh siad an oíche sin. Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid straitéisí le míthuiscintí a réiteach. Tarraingeoidh muid aird, freisin, ar an iarmhír threise agus ar […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 9

Ceacht 09: Ag Cur Fearg in iúl

Ba mhaith le Mícheál ceiliúradh a dhéanamh ar an chéad date a bhí aige le Laoise. Ach níl fonn dá laghad ar Laoise picnic a bheith aici ar an trá i mí Eanáir. Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid conas fearg a chur in iúl. Tarraingeoidh muid aird, freisin, ar an gclaonadh a bhíonn ann an […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 8

Ceacht 08: Ag Labhairt go Rómánsúil

Casann Tadhg ar an bhfilíocht agus é ag caint go rómánsúil le bean álainn ar an tsráid. Baintear stangadh as, áfach, nuair a thuigeann sé go bhfuil an bhean álainn chéanna pósta lena chol ceathrar, Sonny, fear a bhfuil gráin aige air. Sa cheacht seo, caithfidh muid spotsolas ar an saibhreas teanga a bhaineann leis […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 6

Ceacht 06: Daoine ag Argóint lena Chéile

Tá Tadhg agus a chol ceathrar, Sonny, ag argóint faoi thalamh a muintire. Sa cheacht seo, feicfidh muid an bheirt fhear ag sárú ar a chéile agus feicfidh muid na bealaí éagsúla a n-úsáideann Sonny an focal ‘maith’ chun an ceann is fearr a fháil ar Thadhg bocht. Críochnaithe leis na bileoga oibre? Éist leis […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 5

Ceacht 05: Ag Moladh Duine

Tá Tadhg i mbun a sheanchleasaíochta. Tá sé chun feall a imirt ar dhuine éigin agus tá sé ag iarraidh ar Rónán bocht ‘jaibín beag’ a dhéanamh dó. Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid conas duine a mholadh i gcomhthéacs foirmiúil agus neamhfhoirmiúil agus pléifidh muid na bealaí a nglacann daoine le moladh. Tarraingeoidh muid aird, […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 4

Ceacht 04: Ag Aontú & ag Easaontú le Cairde

Beidh Bobbi Lee ag pósadh go luath ach níl a cuid cailíní coimhdeachta róshásta leis na gúnaí gránna a cheannaigh sí dóibh. Sa cheacht seo, breathnóidh muid ar na mná ag labhairt faoi na gúnaí agus pléifidh muid na focail agus frásaí a úsáideann siad le haontú agus le heasaontú lena chéile. Tarraingeoidh muid aird […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 3

Ceacht 03: Greann agus Searbhas sa Chaint

Tá John Joe agus Laoise ag baint an-taitneamh as comhluadar a chéile sa phub go dtí go gcuireann Imelda deireadh leis an gcraic. Sa cheacht seo, pléifidh muid an greann agus an searbhas, le cabhair ó Fr Ted. Tarraingeoidh muid aird freisin ar chúrsaí béime sa chaint agus ar fhoirmeacha treise na bhforainmneacha agus na […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 2

Ceacht 02: Ag Cur Deireadh le Comhrá

Feiceann Tony Berni ar date le fear nach bhfuil pearsantacht dá laghad aige agus beartaíonn sé bealach éalaithe a thabhairt di. Níl Berni sásta ar chor ar bith, áfach, nuair a chuireann sé isteach ar an date! Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid conas deireadh a chur le comhrá ar bhealach béasach. Tarraingeoidh muid aird freisin […]

Read more »
SnasTV Ros na Rún Ceacht 1

Ceacht 01: Ag Déanamh Comhrá le Duine

Tá Berni ar date le fear ar chas sí leis ar líne, ach níl mórán craic’ ann. Tá sí ag déanamh a díchill comhrá a dhéanamh leis, ach níl ag éirí go rómhaith léi. Níl uaidh féin ach pictiúir de chait a thaispeáint di ar a fhón póca. Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid conas comhrá […]

Read more »
To top
Skip to content