Ceacht 1.14: Sruth na cainte
Pointí teanga: Bá, Focalbhá, Foghraíocht
Sa cheacht seo, caithfidh muid spotsolas ar cheann de na tréithe is suntasaí den teanga labhartha – is é sin an bealach a bhfágann cainteoirí líofa fuaimeanna nó focail áirithe ar lár nuair a bhíonn siad ag labhairt go gasta. Sa cheacht seo, tarraingeoidh muid aird ar roinnt comhthéacsanna ina dtarlaíonn sé seo sa Ghaeilge agus beidh deis ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar na nósanna seo ina gcuid cainte féin. Féach ar na bileoga le teacht ar chleachtaí tuisceana, stór focal, gramadaí agus gníomhaíochtaí cumarsáide don seomra ranga, chomh maith le téipscript agus freagraí na gcleachtaí.