SnasTV: Crá
Baintear siar as an bpobal i mbaile beag iargúlta i nDún na nGall nuair a thagtar ar chorp mná sa phortach.
Níl cead ag Garda Conall Ó Súilleabháin páirt a ghlacadh san fhiosrúchán oifigiúil ach ní stopfaidh sé sin é.
An bhfuil iriseoir áitiúil in ann níos mó eolais a fháil faoin dúnmharú ná mar atá na Gardaí?
Tá an teannas ag méadú agus líomhaintí á gcaitheamh ag an tórramh.
Fiosraíonn Conall leid nua a thagann chun solais a bhaineann lena chairde féin ón ollscoil.
Cuirtear daoine den phobal faoi agallamh do chlár faisnéise náisiúnta faoin gcás.
Tar éis chraoladh an chláir faisnéise ar an teilifís, tá duine nua faoi amhras.
Tá teannas idir Conall agus Art nuair a luann Conall teach altranais leis.
Tá fianaise nua ag na Gardaí agus tá siad ag iarraidh an duine atá faoi amhras a ghabháil gan mhoill.
Maíonn an cúisí go bhfuil sé neamhchiontach – ach an bhfuil na Gardaí á chrochadh?
Táthar ag druidim níos gaire d’fhreagra na ceiste – cé a mharaigh Sabine?
Baineann an fhírinne stangadh as Conall nuair a nochtar cad go díreach a tharla an oíche sin.











