Crá Eipeasóid 4 Ceacht 2

Pointí teanga: An chopail, An chopail san aimsir chaite
Scil: Cluas
Tá teannas sa teach idir Conall agus a athair agus tá sláinte Airt ag dul in olcas. Cuirtear isteach ar fhiosrúchán na nGardaí nuair a phléascann carrbhuama. An rabhadh é seo agus an comhartha é go bhfuiltear ag druidim i dtreo na fírinne? Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag déanamh grinn-éisteacht ar ghearrthóg ón gclár agus ag obair ar chleachtaí tuisceana, saibhreas foclóra, cruinnis agus feasacht teanga.
