Crá Eipeasóid 2 Ceacht 1

Pointí teanga: Teanga na hanailíse liteartha
Scil: Cluas
Déanann na Gardaí iarracht eolas a fháil ón bpobal ach níl daoine sásta labhairt leo – tá níos mó eolais a fháil ag iriseoir óg don phodchraoladh atá tosaithe aici! Déanann Conall iarracht eolas a fháil faoin gcás chomh maith. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag obair ar chleachtaí tuisceana, stór focal agus saibhreas teanga. Pléifidh siad leis an anailís chriticiúil (téama agus plota) agus le gnéithe de chultúr na hÉireann.
