Cluas

Crá Eipeasóid 6 Ceacht 2
Faoi dheireadh, tagann an fhírinne chun solais. Nochtar dúinn cé a mharaigh Sabine agus cad go díreach a bhí ar siúl 15 bliain ó shin i gCarraig na nGall. Tá cinneadh amháin eile le déanamh ag Conall – ar chóir an scéal a insint do na Gardaí nó rudaí a fhágáil mar atá? Sa cheacht […]
Read more »
Crá Eipeasóid 6 Ceacht 1
Níl Conall ná Ciara-Kate sásta glacadh le tuairim na nGardaí faoi cé atá ciontach. Tá siad ag éirí cinnte go bhfuil níos mó ná duine amháin sa phobal ag iarraidh an fhírinne a cheilt. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag obair ar chleachtaí tuisceana, stór focal agus saibhreas teanga. Pléifidh siad leis an anailís chriticiúil […]
Read more »
Crá Eipeasóid 5 Ceacht 2
Déanann Conall iarracht an fhírinne a mhealladh óna fhuadaitheoir ach áitíonn sé go bhfuil sé neamhchiontach agus nach bhfuil de rogha aige anois ach an tír a fhágáil. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag déanamh grinnéisteacht ar ghearrthóg ón gclár agus ag obair ar chleachtaí tuisceana, saibhreas foclóra, cruinnis agus feasacht teanga. ceartas, díoltas, neamhchiontach, […]
Read more »
Crá Eipeasóid 5 Ceacht 1
Tá Ray ag éirí baothdhána, leagann sé amach Conall agus tógann mar ghiall é. Déanann na Gardaí iarracht dul i ngleic le cúrsaí gan aird a tharraingt ar an scéal. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag obair ar chleachtaí tuisceana, stór focal agus saibhreas teanga. Pléifidh siad leis an anailís chriticiúil (an t-atmaisfeár sa scéal) […]
Read more »
Crá Eipeasóid 4 Ceacht 2
Tá teannas sa teach idir Conall agus a athair agus tá sláinte Airt ag dul in olcas. Cuirtear isteach ar fhiosrúchán na nGardaí nuair a phléascann carrbhuama. An rabhadh é seo agus an comhartha é go bhfuiltear ag druidim i dtreo na fírinne? Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag déanamh grinn-éisteacht ar ghearrthóg ón gclár […]
Read more »
Crá Eipeasóid 4 Ceacht 1
Caitheann an clár faisnéise amhras ar dhuine eile fós – cara le Sabine agus crann taca an phobail – ach níl Conall cinnte faoi. Éiríonn gach duine amhrasach faoina chéile. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag obair ar chleachtaí tuisceana, stór focal agus saibhreas teanga. Pléifidh siad leis an anailís chriticiúil (coimhlintí sa scéal) agus […]
Read more »
Crá Eipeasóid 3 Ceacht 2
Tá Ciara-Kate cinnte go bhfuil rúin ag baint le saol Sabine atá ar eolas ag daoine eile sa phobal agus tá sí meáite ar an fhírinne a nochtadh. Maítear sa chlár faisnéise nach ndearna na Gardaí fiosrúchán ceart 15 bliain ó shin. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag déanamh grinn-éisteacht ar ghearrthóg ón gclár agus […]
Read more »
Crá Eipeasóid 3 Ceacht 1
Ainmnítear an duine is mó atá faoi amhras go hoifigiúil. Tá Conall ag iarraidh cuimhneamh ar céard go díreach a tharla an oíche a d’imigh a mháthair ar iarraidh ach faraor, ní féidir leis brath ar a chuimhne. Tá na Gardaí ar thóir fianaise atá caillte. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag obair ar chleachtaí […]
Read more »
Crá Eipeasóid 2 Ceacht 2
Caitheann fiosrúchán na nGardaí amhras ar na daoine a raibh dlúthcheangal acu le Sabine– an raibh baint acu lena bás? Tá míshuaimhneas agus teannas sa phobal. Tagann seanchara le Conall ar ais agus cuimhní aici faoin oíche a d’imigh a mháthair ar iarraidh. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag déanamh grinnéisteacht ar ghearrthóg ón gclár […]
Read more »
Crá Eipeasóid 2 Ceacht 1
Déanann na Gardaí iarracht eolas a fháil ón bpobal ach níl daoine sásta labhairt leo – tá níos mó eolais a fháil ag iriseoir óg don phodchraoladh atá tosaithe aici! Déanann Conall iarracht eolas a fháil faoin gcás chomh maith. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag obair ar chleachtaí tuisceana, stór focal agus saibhreas teanga. […]
Read more »
Crá Eipeasóid 1 Ceacht 2
Tagann an cigire agus a foireann go Carraig na nGall chun an cás a fhiosrú. Is mór an difríocht idir an mhionchoireacht a fheictear go hiondúil sa cheantar – bocrásairí agus fiadhúlra marbh – agus an dúnmharú seo. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag déanamh grinnéisteacht ar ghearrthóg ón gclár agus ag obair ar chleachtaí […]
Read more »
Crá Eipeasóid 1 Ceacht 1
I gceacht 1, cuirimid aithne ar mhuintir Charraig na nGall – an Garda Conall Ó Súilleabháin agus a mhuintir, gardaí eile agus iriseoirí áitiúla agus muintir na háite. Táthar tar éis teacht ar chorp sa phortach – bean a chuaigh ar iarraidh 15 bliain ó shin. Sa cheacht seo, beidh foghlaimeoirí ag obair ar chleachtaí […]
Read more »
An tAm atá romhainn: Daoine ag caint faoin todhchaí
Sna cleachtaí seo, beidh na foghlaimeoirí ag éisteacht le daoine ag labhairt faoin am atá amach rompu.
Read more »
Caitheamh aimsire: An léitheoireacht
Sna cleachtaí seo, beidh na foghlaimeoirí ag éisteacht le daoine ag labhairt faoi na leabhair a thaitníonn leo. am saor, caitheamh aimsire, leabhair, léitheoireacht
Read more »
Teangacha eile: Scileanna teanga
Sna bileoga oibre seo, beidh na foghlaimeoirí ag éisteacht le daoine ag labhairt faoina gcumas i dteangacha eile, agus faoi na dúshláin a bhaineann le foghlaim teanga nua. agus faoi na dúshláin a bhaineann le foghlaim teanga nua., beidh na foghlaimeoirí ag éisteacht le daoine ag labhairt faoina gcumas i dteangacha eile, Sna bileoga oibre […]
Read more »
Coinní agus Socruithe: Cairde ag déanamh socruithe
Cleachtadh cluastuisceana ina mbeidh an foghlaimeoir ag éisteacht le daoine ag caint faoina gcumas i dteangacha eile agus na dúshláin a bhaineann le foghlaim teanga nua. Coinní, leithscéalta, pleananna, Saol sóisialta, socruithe
Read more »