Scéim Labhairt na Gaeilge
Pointí teanga: Dobhriathar Gluaiseachta, Modh Coinníollach
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi chreimeadh na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí teanga agus Gaeltachta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríofa a bhaineann leis an modh coinníollach, agus leis an saibhreas teanga. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta déanfar plé ar chur chun cinn na Gaeilge.