An saol ar ais mar a bhí
Pointí teanga: Aimsir Chaite, Briathar Mírialta, Réamhfhocal Comhshuite, Tuiseal Ginideach
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi mhaolú shrianta Covid-19 in Éirinn i mí Dheireadh Fómhair 2021. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí sláinte agus an saol sóisialta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis na briathra neamhrialta san aimsir chaite, agus leis an tuiseal ginideach. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta leis an saol laethúil faoi shrianta Covid-19.