Novak Djokovic agus an Vacsaín
Pointí teanga: Briathar Frásach, Forainm Réamhfhoclach, Séimhiú
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin imreoir leadóige Novak Djokovic agus an chonspóid mar gheall ar a víosa le linn na paindéime. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí taistil agus dlí i gcomhthéacs Covid-19. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an saorbhriathar, agus le hainmneacha Gaeilge na dtíortha in oirthear na hEorpa. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta leis an gconspóid a bhain le Novak Djokovic.