Garda Cósta na hÉireann
Pointí teanga: Aidiacht Bhriathartha, Uimhreacha Pearsanta
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi fhadhbanna in aonad de chuid an Gharda Cósta in iarthar na hÉireann. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le coinníollacha oibre. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an aidiacht bhriathartha, agus leis na huimhreacha pearsanta. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta leis an obair dheonach agus leis na coinníollacha oibre a bhaineann leis an earnáil sin.