Fuinneamh Gaoithe
Pointí teanga: Aidiacht Bhriathartha, Aimsirí, Ainm Briathartha, Briathar Mírialta, Briathar Saor, Claoninsint
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi chúrsaí timpeallachta agus togra muilte gaoithe i gCo. an Chláir. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí comhshaoil agus fuinnimh. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí a bhaineann leis an mbriathar Bí, agus le logainmneacha na hÉireann. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta leis an úsáid fuinnimh a bhíonn ag daoine agus conas é sin a laghdú.