Fuinneamh Gaoithe
Pointí teanga: Canúintí, Réamhfhocal Simplí, Séimhiú
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi chúrsaí timpeallachta agus togra muilte gaoithe i gCo. an Chláir. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí comhshaoil agus fuinnimh. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis na briathra sa Ghaeilge, agus le nathanna cainte úsáideacha a bhfuil an focal dá iontu. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta le conas a mhothaíonn daoine nuair a bhíonn forbairtí ar mhaithe leis an timpeallacht ar siúl ina gceantar féin.