Feirm orgánach
Pointí teanga: Aidiacht Shealbhach, Ainm Briathartha, Modh Ordaitheach
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi fheirm orgánach agus an t-éileamh a bhí ar sheachadadh bhoscaí glasraí le linn na paindéime. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí gnó. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí a bhaineann leis an modh ordaitheach agus leis an ainm briathartha chomh maith le ceisteanna plé a bhaineann le nósanna bia.