Easpa foirne in Ionad Seaview
Pointí teanga: An t-Alt, Réamhfhocal Simplí, Uimhir Uatha
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi easpa foirne in ionad cúraim i nDún na nGall. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí oibre agus sláinte. Ag deireadh an cheachta, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an réamhfhocal agus an t-alt, agus cleachtaí cainte a bhaineann le logainmneacha agus leis an tseirbhís sláinte.