Ceacht 2.06: Ag cur grá in iúl
Pointí teanga: Áit an ainmfhocail / an fhorainm san abairt, Fuaim 'th' agus 'sh'
Mar a dúirt Elvis fadó, is amadáin amháin a thiteann i ngrá, ach ní bhíonn neart againn air. San fhíseán seo, feicfidh muid nach bhfuil muintir Ros na Rún slán ó ghalar an ghrá ach an oiread. Caithfidh muid spotsolas anseo ar na bealaí éagsúla ar féidir grá agus cion a chur in iúl. Féach ar na bileoga le teacht ar chleachtaí tuisceana, stór focal, gramadaí agus gníomhaíochtaí cumarsáide don seomra ranga, chomh maith le téipscript agus freagraí na gcleachtaí.