Ceacht 2.02: Ag labhairt ar an bhfón
Pointí teanga: Ranna cainte agus úsáid focóirí ar líne
Ní bhíonn sé éasca labhairt ar an nguthán agus bíonn brú breise ag baint le comhráite nuair nach féidir linn an duine eile a fheiceáil. San fhíseán seo, breathnóidh muid ar scileanna agus cleasa beaga a chuideoidh leat cumarsáid éifeachtach a dhéanamh ar an nguthán. Féach ar na bileoga le teacht ar chleachtaí tuisceana, stór focal, gramadaí agus gníomhaíochtaí cumarsáide don seomra ranga, chomh maith le téipscript agus freagraí na gcleachtaí.