Buiséad 2024
Pointí teanga: an t-ainm briathartha, an tuiseal ginideach gan an t-alt.
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi bhuiséad 2024. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí airgeadais. Baineann na cleachtaí scríofa leis an tuiseal ginideach gan an t-alt. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta, beidh na foghlaimeoirí i mbun rólghníomhaíocta ina mbeidh orthu buiséad teaghlaigh nó tí a phleanáil. Chomh maith leis sin, beidh orthu ceacht a dhéanamh ar an gceist, Dá mbeifeá féin i d’Aire Airgeadais, cad iad na bearta a chuirfeá sa bhuiséad?