An Úcráin
Pointí teanga: Aimsir Ghnáthláithreach, Úrú
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi na chéad bhagairtí a rinne an Rúis ar an Úcráin i mí Eanáir 2022. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí cogaíochta agus polaitíochta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann le scileanna eagarthóireachta, agus le frásaí réamhfhoclacha. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta leis an gcaidreamh idir an Rúis agus an Úcráin.