Covid-19
Pointí teanga: Aidiacht Bhriathartha, Réamhfhocal, Tuiseal Ainmneach
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin gcoróinvíreas Covid-19 ag tús na paindéime san Iodáil. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí sláinte i gcomhthéacs na paindéime. Ag deireadh an cheachta, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an tuiseal ginideach agus leis an aidiacht bhriathartha, chomh maith le ceisteanna plé a bhaineann le Covid-19.