Amhránaí Óg
Pointí teanga: Claoninsint, Códmheascadh
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi bhuachaill óg ó Chill Chainnigh a chan Ireland’s Call ag cluiche mór rugbaí idirnáisiúnta. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí spóirt agus siamsaíochta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríofa a bhaineann leis an gclaoninsint agus leis an gcódmheascadh. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta, beidh ar na foghlaimeoirí tuairisc a thabhairt ar cad a bhíonn ar siúl ag daoine eile ó lá go lá.