Aillte an Mhothair
Pointí teanga: contaetha na hÉireann, Forainmneacha réamhfhoclacha
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi chóras nua in ionad cuairteoirí Aillte an Mhothair. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí turasóireachta in Éirinn. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríofa a bhaineann leis na forainmneacha réamhfhoclacha, agus le ceartscríobh ainmneacha na gcontaetha. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta, beidh na foghlaimeoirí i mbun rólimirtí ina mbeidh siad ag plé cuairt a thug siad féin ar shuíomh turasóireachta.