Cogadh san Úcráin
Pointí teanga: Aimsir Fháistineach, Uimhreacha Pearsanta
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi na chéad ionsaithe a rinne an Rúis ar Chív, príomhchathair na hÚcráine, i mí an Mhárta 2022. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí cogaíochta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis na huimhreacha pearsanta, agus leis an aimsir fháistineach. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta le mothúcháin.