Ceacht 2.11: Ag freagairt do dhrochscéalta
Pointí teanga: ainmneacha sa Ghaeltacht, Sula vs roimh
Ní bhíonn sé éasca i gcónaí teacht ar na focail chearta chun trua nó comhbhrón a chur in iúl do dhuine atá i gcruachás. San fhíseán seo, caithfidh muid spotsolas ar an teanga a bhaineann leis an ngné thábhachtach sin den chumarsáid. Féach ar na bileoga le teacht ar chleachtaí tuisceana, stór focal, gramadaí agus gníomhaíochtaí cumarsáide don seomra ranga, chomh maith le téipscript agus freagraí na gcleachtaí.