Ceacht 2.10: Ag dul siar ar bhóithrín na smaointe
Pointí teanga: An Tuiseal Tabharthach
Níl aon ní níos deise ná casadh le seanchara agus a bheith ag caint faoin seanam agus na laethanta órga a bhí. Is í an aimsir chaite a úsáidtear ar ndóigh chun cur síos a dhéanamh ar an am atá thart ach baintear úsáid freisin as go leor frásaí coitianta chun cur leis an scéal atá á insint againn. San fhíseán seo, pléifidh muid an teanga a úsáidtear agus muid ag caint faoin am a chuaigh thart. Féach ar na bileoga le teacht ar chleachtaí tuisceana, stór focal, gramadaí agus gníomhaíochtaí cumarsáide don seomra ranga, chomh maith le téipscript agus freagraí na gcleachtaí.