Ceacht 2.07: Déagóirí dána
Pointí teanga: an t-ainm briathartha
An aingeal nó diabhal a bhí ionat agus tú i do dhéagóir? Nó más déagóir thú go fóill, an mbíonn tú i dtrioblóid le daoine fásta go minic? San fhíseán seo, breathnóidh muid ar an teanga a bhíonn in úsáid nuair a bhíonn déagóirí agus daoine fásta in adharca a chéile. Féach ar na bileoga le teacht ar chleachtaí tuisceana, stór focal, gramadaí agus gníomhaíochtaí cumarsáide don seomra ranga, chomh maith le téipscript agus freagraí na gcleachtaí.