Vacsaíní sa bhreis
Pointí teanga: Insce, Nathanna Cainte, Réamhfhocal Simplí, Tuiseal Ainmneach
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi dháileadh vacsaíní a bhí ar tí dul ó mhaith i mBaile Átha Cliath. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann leis an tseirbhís sláinte. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann le húsáid éifeachtúil www.teanglann.ie , agus úsáid nathanna cainte coitianta. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta leis an tseirbhís sláinte agus cúrsaí an tsaoil le linn na paindéime.