Pacáistí Cúnaimh
Pointí teanga: Aimsir Chaite, Canúintí, Tuiseal Ginideach
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi phacáistí cúnaimh a scaip Comhairle Contae Dhún na nGall i measc daoine aosta a bhí ina gcónaí leo féin aimsir COVID-19. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann leis an saol sóisialta le linn na paindéime. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an gcopail, agus leis an tuiseal ginideach. Baineann an cheist phlé ag deireadh an cheachta le ceann de na deacrachtaí móra sóisialta a bhain le Covid-19.