Seanbhád Farantóireachta
Pointí teanga: Lagiolraí, Tréaniolraí, Tuiseal Ginideach
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin seanbhád farantóireachta an Naomh Éanna, agus an feachtas a bhí ann í a thabhairt slán óna titim. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí bádóireachta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríofa a bhaineann leis an tuiseal ginideach uatha, agus leis na lagiolraí agus tréaniolraí. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta déanfar plé ar na hoileáin atá amach ó chósta na hÉireann agus na báid a dhéanann freastal orthu.