Féile Litríochta Chorca Dhuibhne
Pointí teanga: Ainmfhocal, An Aimsir Fháistineach
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin bhféile litríochta a bhíonn ar siúl i gCorca Dhuibhne gach bliain. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí litríochta agus léitheoireachta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríofa a bhaineann leis an aimsir fháistineach, agus leis na hainmfhocail a chríochnaíonn ar -lann. Baineann na gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta leis na deich rud a chuirfeá i dtaisceadán todhchaí (time capsule).