Eipeasóid 2 Ceacht 2
Pointí teanga: an modh ordaitheach
Scil: Cluas
Tosaíonn Liam, deartháir óg Ella, ag obair le Mamó nuair a fheiceann sé deis gnó. An mbéarfar air, meas tú? Sa cheacht seo, beidh na daltaí ag obair ar chleachtaí cluastuisceana, stór focal agus saibhreas teanga, ag déanamh cleachtadh ar an modh ordaitheach, ag scríobh ríomhphost foirmiúil, agus ag déanamh plé ar rialacha scoile.