Eipeasóid 2 Ceacht 1
Pointí teanga: Ainmneacha Gaeilge, téarmaí na gramadaí
Scil: Cluas
Níl Ella sásta go gcaithfidh sí a teach a roinnt le Mamó agus leis na Gaeilgeoirí ach tagann feabhas ar chúrsaí nuair a thagann Gaeilgeoir dathúil chuig Maigh Rua. Seans nach bhfuil na Gaeilgeoirí seo chomh dona sin! Sa cheacht seo, beidh na daltaí ag obair ar chleachtaí cluastuisceana, stór focal agus saibhreas teanga, ag foghlaim théarmaí na gramadaí, agus ag scríobh léirmheas ar lóistín.