Cúlra & áit chónaithe: Aonad iomlán

Pointí teanga: (i) + urú, an aidiacht shealbhach
Scil: Gach Scil
Sa phacáiste seo, gheobhaidh tú cleachtaí agus gníomhaíochtaí teanga i ngach scil bunaithe ar shiollabas TEG B1, Aonad 1: Cúlra agus Áit Chónaithe. Cuirtear treoir ar fáil don mhúinteoir chomh maith le freagraí samplacha ar na ceisteanna. Cuirtear leagan Word den ábhar ar fáil ionas gur féidir le múinteoirí an t-ábhar a chur in oiriúint do ghrúpaí éagsúla foghlaimeoirí. Beidh cuid mhaith de na gníomhaíochtaí úsáideach don fhoghlaimeoir féinstiúrtha chomh maith.