Crann Darach i mBaol
Pointí teanga: an focal know sa Ghaeilge, Tuiseal Ginideach
Seo ceacht bunaithe ar mhír faoi chrann darach atá i mbaol. Táthar ag iarraidh an crann a leagan ach níl gach duine sásta. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le crainn agus cúrsaí timpeallachta. Baineann na cleachtaí scríofa leis an tuiseal ginideach. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta, beidh díospóireacht á déanamh ag na foghlaimeoirí faoi chúrsaí forbartha agus comhshaoil, agus faoi thábhacht na gcrann ina gceantar.