Crann Darach i mBaol
Pointí teanga: an aidiacht shealbhach
Seo ceacht bunaithe ar mhír faoi chrann darach atá i mbaol. Táthar ag iarraidh an crann a leagan ach níl gach duine sásta. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le crainn agus cúrsaí timpeallachta. Baineann na cleachtaí scríofa leis an aidiacht shealbhach. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta, beidh plé á dhéanamh ag na foghlaimeoirí ar an am a chaitheann siad amuigh féin faoin aer agus conas a thaitníonn sé sin leo.