Ceacht 1.08: Ag labhairt go rómánsúil
Pointí teanga: Aimsir Fháistineach, Dearg, Foghraíocht
Casann Tadhg ar an bhfilíocht agus é ag caint go rómánsúil le bean álainn ar an tsráid. Baintear stangadh as, áfach, nuair a thuigeann sé go bhfuil an bhean álainn chéanna pósta lena chol ceathrar, Sonny, fear a bhfuil gráin aige air. Chomh maith le foghlaim faoi theanga an ghrá, caithfidh muid spotsolas ar an saibhreas teanga a bhaineann leis an bhfocal ‘dearg’ sa Ghaeilge. Féach ar na bileoga le teacht ar chleachtaí tuisceana, stór focal, gramadaí agus gníomhaíochtaí cumarsáide don seomra ranga, chomh maith le téipscript agus freagraí na gcleachtaí.
Críochnaithe leis na bileoga oibre? Éist leis an mír agus líon na bearnaí thíos: