Ceacht 08: Ag Labhairt go Rómánsúil
Pointí teanga: Aimsir Fháistineach, Dearg, Foghraíocht
Casann Tadhg ar an bhfilíocht agus é ag caint go rómánsúil le bean álainn ar an tsráid. Baintear stangadh as, áfach, nuair a thuigeann sé go bhfuil an bhean álainn chéanna pósta lena chol ceathrar, Sonny, fear a bhfuil gráin aige air. Sa cheacht seo, caithfidh muid spotsolas ar an saibhreas teanga a bhaineann leis an bhfocal ‘dearg’. Tarraingeoidh muid aird, freisin, ar fhuaimniú na mbriathra san aimsir fháistineach.
Críochnaithe leis na bileoga oibre? Éist leis an mír agus líon na bearnaí thíos: