Eipeasóid 4 Ceacht 1
Pointí teanga: Ag tabhairt cuirí
Scil: Cluas
Tá Dan ag iarraidh go mbeidh lá teaghlaigh ag Muintir Uí Bhaoill ag na rásaí Dé Domhnaigh ach níl Ella róthógtha leis an smaoineamh seo. Sa cheacht seo, beidh na daltaí ag obair ar chleachtaí cluastuisceana, stór focal agus saibhreas teanga, ag léamh tuairisc nuachta, agus ag scríobh cuirí.