Scéal ó dheas
Pointí teanga: Clásal Coibhneasta Díreach, Clásal Coibhneasta Indíreach, Réamhfhocal Simplí, Tuiseal Tabharthach
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi iascairí an Daingin a chuir cosc ar thrálaeir ón iasacht teacht i dtír ar ché an Daingin le linn na paindéime. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí iascaireachta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an gclásal coibhneasta chomh maith le cleachtadh ar na réamhfhocail shimplí. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta leis an scaradh sóisialta agus an cosc ar thaisteal le linn na paindéime.