Breithlá Raidió na Life
Pointí teanga: An Tuiseal Tabharthach, na focail gur/gurb/gurbh
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi bhreithlá Raidió na Life, an stáisún raidió lán-Ghaeilge. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí raidió agus craoltóireachta. Baineann na cleachtaí scríofa leis na focail gur/gurb/gurbh, agus leis an tuiseal tabharthach. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta, beidh clár raidió á phleanáil ag na foghlaimeoirí.