Círéibeacha i mBaile Átha Cliath
Pointí teanga: na huimhreacha agus déag, Saorbhriathar
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi chíréibeacha i mBaile Átha Cliath. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le círéibeacha agus achrann sóisialta. Baineann na cleachtaí scríofa leis an saorbhriathar, agus le comhaireamh. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta, beidh na foghlaimeoirí ag ligean orthu gur tuairisceoirí nuachta iad agus beidh orthu tuairisc a thabhairt ar na círéibeacha.