Ag Tógáil Clainne le Gaeilge
Pointí teanga: an aidiacht shealbhach, an Uimhir Iolra
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoin eagraíocht a thugann tacaíocht do theaghlaigh a thógann a gcuid leanaí le Gaeilge. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge . Baineann na cleachtaí scríofa leis an uimhir iolra, agus leis an aidiacht shealbhach. Sna gníomhaíochtaí cumarsáide ag deireadh an cheachta, beidh na foghlaimeoirí ag plé na mbuntáistí a bhaineann leis an dátheangachas.