Oileáin Árann
Pointí teanga: Ainmfhocal, an Uimhir Iolra, Dobhriathar Gluaiseachta
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi chinniúint an Naomh Éanna, an bád clúiteach farantóireachta a bhíodh ag freastal ar Oileáin Árann. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le cúrsaí dlí agus feachtasaíochta. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an tuiseal ginideach, agus le húsáid éifeachtúil www.teanglann.ie. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta le cúrsaí turasóireachta agus oidhreachta.