Easpa Uisce Glan
Pointí teanga: Aidiacht, Aimsir Chaite, Séimhiú
Seo ceacht bunaithe ar mhír ó Nuacht TG4 faoi easpa uisce inólta i gConamara. Díreofar ar scileanna cluastuisceana chomh maith leis an stór focal a bhaineann le húsáid uisce sa saol laethúil. Ina dhiaidh sin, beidh cleachtaí scríbhneoireachta a bhaineann leis an ainmfhocal agus an aidiacht, agus leis an aimsir chaite. Baineann na ceisteanna plé ag deireadh an cheachta leis an méid uisce a úsáideann daoine go laethúil agus conas é sin a laghdú.